Podchraoltaí Léirmheastóireachta ar Leabhair na Míosa

Leabhar mhí na Bealtaine 2024: Corp an Duine Uasail le Penélope Bagieu.

ClubLeabhar.com · Corp an Duine Uasail - Leabhar mhí na Bealtaine 2024 | May’s Book of the Month 2024

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le hEmma Ní Chearúil, a bhíonn ag plé le cúrsaí meán agus raidió, agus le Katie Whelan, mac léinn PhD, faoin úrscéal grafach Corp an Duine Uasail le Penélope Bagieu.

Leabhar mhí Aibreáin 2024: Saighdiúir le Cathal Ó Searcaigh.

ClubLeabhar.com · Saighdiúir - Leabhar mhí Aibreáin 2024 | April’s Book of the Month 2024

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Aonghus Ó hAlmhain, ríomhchláraitheoir agus blagálaí, agus le Liam Mac Amhlaigh, Ollamh Comhlach le Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad faoi úrscéal Chathail Uí Shearcaigh, Saighdiúir.

Leabhar mhí an Mhárta 2024: Na Geansaithe Móra le Gearóidín Nic Cárthaigh.

ClubLeabhar.com · Na Geansaithe Móra - Leabhar mhí an Mhárta 2024 | March’s Book of the Month 2024

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Lisa Nic an Bhreithimh, gníomhaí pobail agus scríbhneoir splancfhiscsin, agus le Bríd-Treasa Ní Ghaoithín, Comhordaitheoir na gClár Gaeilge le ‘Fighting Words, faoi chnuasach scéalta Ghearóidín Nic Cárthaigh, Na Geansaithe Móra.

Leabhar mhí Feabhra 2024: Sa Pholl Báite le hAnna Heussaff.

ClubLeabhar.com · Sa Pholl Báite - Leabhar mhí Feabhra 2024 | February’s Book of the Month 2024

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Caomhán Ó hÓgáin, aistritheoir atá lonnaithe sa Bhruiséal agus a bhíonn i mbun craolta ar Raidió na Life, faoi leabhar bleachtaireachta nuafhoilsithe Anna Heussaff, Sa Pholl Báite.

Leabhar mhí Eanáir 2024: Ag Dul i bhFad le hAlan Titley.

ClubLeabhar.com · Ag Dul i bhFad - Leabhar mhí Eanáir 2024 | January’s Book of the Month 2024

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Sorcha de Brún, léachtóir sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil Luimnigh faoi chnuasach gearrscéalta Alan Titley, Ag Dul i bhFad.

Leabhar mhí na Nollag 2023: An tEitleán Dofheicthe le Cathal Ó Sándair.

ClubLeabhar.com · An tEitleán Dofheicthe - Leabhar mhí na Nollag 2023 | December’s Book of the Month 2023 Samhain23

An mhí seo labhair Seán Ó Catháin le Zoya Everard, cúntóir teanga atá lonnaithe sa Ghearmáin ach atá i mbun cúrsa iarchéime san aistriúchán, agus le Rónán Mistéil, a bhíonn i mbun léirmheastóireachta ar an gclár raidió ‘Splanc’ ar Newstalk, faoin dara leabhar i sraith scéalta Réics Carló An tEitleán Dofheicthe le Cathal Ó Sándair.

Leabhar mhí na Samhna 2023: Múscail, a Ghiorria le Eithne Ní Ghallchobhair.

ClubLeabhar.com · Múscail, a Ghiorria - Leabhar mhí na Samhna 2023 | November’s Book of the Month 2023 Samhain23

An mhí seo labhair Seán Ó Catháin le hAilbe van der Heide, Cúntóir Leabharlainne i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, agus le hAedín Ní Thiarnaigh, atá ina craoltóir, faoi Múscail, a Ghiorria le hEithne Ní Ghallchobhair.

Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2023: Spluff Splaifeirtí agus an tIonradh ar an bPlainéad MARZ le Ré Ó Laighléis.

ClubLeabhar.com · Spluff Splaifeirtí - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2023 | October’s Book of the Month 2023

An mhí seo labhair Seán Ó Catháin le hEilís Everard, tástálaí teanga le Teastas Eorpach na Gaeilge agus le Jody Buckley-Coogan, a bhfuil blianta caite aige ag obair agus ag déanamh staidéir ar an nGaeilge, faoi úrscéal Ré Uí Laighléis, Spluff Splaifeirtí agus an tIonradh ar an bPlainéad MARZ.

Leabhar mhí Mheán Fómhair 2023: Béal na Péiste le Fionntán de Brún.

ClubLeabhar.com · Béal na Péiste - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2023 | September’s Book of the Month 2023

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin leis an scríbhneoir Réaltán Ní Leannáin, agus le hEoin P. Ó Murchú, aistritheoir, faoin úrscéal Béal na Péiste le Fionntán de Brún.

Leabhar mhí an Mheithimh 2023: Na Cócha Móra le Mícheál Ó Siochrú.

ClubLeabhar.com · Na Cócha Móra - Leabhar mhí an Mheithimh 2023 | June’s Book of the Month 2023

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Emily Barnes, Ollamh Cúnta le hOideachas Teanga i Scoil an Oideachais i gColáiste na Tríonóide, agus le Liam Mac Amhlaigh, léachtóir le litríocht agus teanga na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, faoin úrscéal Na Cócha Móra le Mícheál Ó Siochrú.

Leabhar mhí na Bealtaine 2023: EL le Thaddeus Ó Buachalla.

ClubLeabhar.com · EL - Leabhar mhí na Bealtaine 2023 | May’s Book of the Month 2023

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Deirdre Nic Chárthaigh, léachtóir le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, agus le hAonghus Ó Lochlainn, léiritheoir raidió na Raidió na Gaeltachta, faoi úrscéal fantaisíocht agus staire Thaddeus Ó Buachalla, EL.

Leabhar mhí Aibreáin 2023: Siúrmó le Jean-Claude Izzo (Bernadette Nic an tSaoir a d’aistrigh).

ClubLeabhar.com · Siúrmó - Leabhar mhí Aibreáin 2023 | April’s Book of the Month 2023

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Lisa Nic an Bhreithimh, gníomhaí sóisialta agus scríbhneoir splancfhicsin, agus le hAonghus Ó hAlmhain, inealltóir bogearraí agus blagálaí, faoin úrscéal Siúrmó le Jean-Claude Izzo.

Leabhar mhí an Mhárta 2023: Imram agus Scéalta Eile le Róise Ní Bhaoill.

ClubLeabhar.com · Imram agus Scéalta Eile - Leabhar mhí an Mhárta 2023 | March’s Book of the Month 2023

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Hannah Rice, saoraistritheoir atá lonnaithe sa Bheilg, agus le Caitlín Nic Íomhair, léachtóir le litríocht na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, faoi gcnuasach gearrscéalta Imram agus Scéalta Eile le Róise Ní Bhaoill.

Leabhar mhí Feabhra 2023: Na Ríthe Beaga le Delphine de Vigan (Máirín Nic Con Iomaire a d’aistrigh).

ClubLeabhar.com · Na Ríthe Beaga - Leabhar Feabhra 2023 | February’s Book of the Month 2023

An mhí seo labhair Seán Ó Catháin le Bríd-Treasa Ní Ghaoithín, Comhordaitheoir na gClár Gaeilge le ‘Fighting Words, agus le Oisín Montanari, Oifigeach Forbartha Acmhainní le Gaelchultúr faoi aistriúchán Mháirín Nic Con Iomaire ar an úrscéal Fraincise Na Ríthe Beaga le Delphine de Vigan.

Leabhar mhí Eanáir 2023: Na Mairbh a D’fhill le Cathal Ó Sándair.

ClubLeabhar.com · Na Mairbh a D’fhill - Leabhar Eanáir 2023 | January’s Book of the Month 2023

An mhí seo labhair Seán Ó Catháin le Emma Ní Chearúil, craoltóir le Raidió Rí-Rá agus a bhíonn ag plé leis an clár ‘Splanc’ ar Newstalk, agus le Caomhán Ó hÓgáin, aistritheoir atá lonnaithe sa Bhruiséil agus a bhíonn i mbun craolta ar Raidió na Life, faoin úrscéal Na Mairbh a D’fhill le Cathal Ó Sándair.

Leabhar mhí na Nollag 2022: An Tóraíocht le Colmán Ó Raghallaigh.

ClubLeabhar.com · An Tóraíocht - Leabhar mhí na Nollag 2022 | December’s Book of the Month 2022

An mhí seo labhair Seán Ó Catháin le Sadhbh Rosenstock, cumadóir, ceoltóir agus údar ar leabhair do pháistí, agus le Rónán Mistéil, a bhíonn ag plé le cúrsaí raidió i mBaile Átha Cliath, faoin úrscéal grafach An Tóraíocht le Colmán Ó Raghallaigh.

Leabhar mhí na Samhna 2022: Khalil le Yasmina Khadra (Máirín Nic an Iomaire a d’aistrigh).

ClubLeabhar.com · Khalil - Leabhar mhí na Samhna 2022 | November’s Book of the Month 2022

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Jody Buckley-Coogan, a bhfuil suim agus saineolas aige sa tSean-Ghaeilge agus a bhíonn ag obair le Gaelchultúr, agus le Zoya Everard, atá i mbun staidéar ar an nGaeilge agus ar an nGearmáinis in Ollscoil Mhá Nuad, faoi aistriúchán Máirín Nic an Iomaire ar an úrscéal de chuid Yasmina Khadra Khalil.

Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2022: An Dara Rogha le Celia de Fréine.

ClubLeabhar.com · An Dara Rogha - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2022 | October’s Book of the Month 2022

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Ailbe van der Heide, Cúntóir Leabharlainne i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, agus le Stiofán Ó Briain, Comhalta Teagaisc sa Nua-Ghaeilge i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD, faoi úrscéal Celia de Fréine, An Dara Rogha.

Leabhar mhí Mheán Fómhair 2022: Bádh B’fhéidir le Seán Ó Muireagáin.

ClubLeabhar.com · Bádh B’fhéidir - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2022 | September’s Book of the Month 2022

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Eilís Everard, teagascóir agus saoraistritheoir Gaeilge, agus le Eoin P. Ó Murchú, faoi Bádh B’fhéidir, le Seán Ó Muireagáin.

Leabhar mhí an Mheithimh 2022: Eachtraí Tintin: Slat Ríoga Ottokar le Hergé arna aistriú ag Gabriel Rosenstock.

ClubLeabhar.com · Eachtraí Tintin: Slat Ríoga Ottokar - Leabhar mhí an Mheithimh 2022 | June’s Book of the Month 2022

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Rob O’ Connor, léiritheoir teilifíse faoi aistriúchán Gabriel Rosenstock ar úrscéal graifice clúiteach Hergé, Eachtraí Tintin: Slat Ríoga Ottokar.

Leabhar mhí na Bealtaine 2022: Feirm na nAinmhithe le George Orwell arna aistriú ag Aindrias Ó Cathasaigh.

ClubLeabhar.com · Leabhar mhí na Bealtaine 2022 - May’s Book of the Month 2022

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Deirdre Ní Fhloinn, craoltóir, aistritheoir agus scríbhneoir, agus le Oisín Montanari, múinteoir le Gaelchultúr agus atá tar éis Mháistreacht trí thaighde sa stair a chur i gcrích in Institiúid Ollscolaíochta na hEorpa i bhFirenze na hIodáile, faoi aistriúchán Aindrias Uí Chathasaigh ar úrscéal clúiteach George Orwell, Feirm na nAinmhithe.

Leabhar mhí Aibreáin 2022: An Broc-Chú le Hervé Bourhis arna aistriú ag Darach Ó Scolaí.

ClubLeabhar.com · Leabhar mhí Aibreáin 2022 / Book of the month - April 2022

An mhí seo labhair Seán Ó Catháin le Caomhán Ó hÓgáin, aistritheoir leis an gComhairle Eorpach agus atá ina chraoltóir le Raidió na Life, agus le Rónán Mistéil, a bhíonn i mbun saoroibre le cúrsaí Gaeilge, faoin úrscéal graifice An Broc-Chú le Hervé Bourhis.

Leabhar mhí an Mhárta 2022: Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin.

ClubLeabhar.com · Leabhar mhí an Mhárta 2022 / Book of the month - March 2022

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin leis an Dr Caitlín Nic Íomhair, léachtóir leis an Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad agus le Eoin McEvoy, Teicneolaí Oideachais le Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD chomh maith le comhbhunaitheoir ar an gcomharghrúpa ealaíne AerachAiteachGaelach faoin úrscéal Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin.

Leabhar mhí Feabhra 2022: Bláth na dTulach arna chur in eagar ag Réaltán Ní Leannáin.

ClubLeabhar.com · Leabhar mhí Feabhra 2022 / Book of the month - Feabhra 2022

An mhí seo labhair Seán Ó Catháin le Gráinne Ní Aodha, iriseoir le TheJournal.ie agus le Áine Ní Bhreisleáin, láithreoir raidió le RTÉ Raidió na Gaeltachta, faoin gcnuasach gearrscéalta Bláth na dTulach arna chur in eagar ag Réaltán Ní Leannáin.

Leabhar mhí Eanáir 2022: Ré na bhFathach le Colm Ó Ceallacháin.

ClubLeabhar.com · Leabhar mhí Eanáir 2022 / Book of the month - January 2022

An mhí seo labhair Seán Ó Catháin le Jody Buckley-Coogan, a bhíonn ag plé le cúrsaí Gaeilge in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste agus le Gaelchultúr chomh maith le Muiris Ó Raghallaigh, eagarthóir leis an nGúm faoi Ré na bhFathach, cnuasach gearrascéalta le Colm Ó Ceallacháin.

Leabhar mhí na Nollag 2021: Duan na Nollag le Charles Dickens.

ClubLeabhar.com · Leabhar mhí na Nollag 2021 / Book of the month - December 2021

An mhí seo labhair Seán Ó Catháin le Emily Barnes, atá ag obair ar an tionscadal “Abair” i gColáiste na Tríonóide, agus le hAilbe van der Heide, atá ag obair le Cnuasach Bhéaloideas Éireann, faoi Duan na Nollag, aistriúchán nua le Maitiú Ó Coimín ar “A Christmas Carol” le Charles Dickens.

Leabhar mhí na Samhna 2021: An Bhrachlainn Mhór le Tomás Ó Flaithearta.

ClubLeabhar.com · Leabhar mhí na Samhna 2021 / Book of the month - November 2021

An mhí seo labhair Seán Ó Catháin le Hannah Rice, atá i mbun taighde ar chúrsaí aistriúcháin i gColáiste na Tríonóide, agus le Aedín Ní Thiarnaigh, atá ina craoltóir, faoi chnuasach gearrscéalta Thomáis Uí Fhlaithearta An Bhrachlainn Mhór.

Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2021: Mála Mirlíní le Joseph Joffo.

ClubLeabhar.com · Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2021 / Book of the month - October 2021

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Stiofán Ó Briain, Comhalta Teagaisc don Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus le Eilís Everard, teagascóir Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad faoi aistriúchán Gaeilge R. Seathrún Mac Éin ar na leabhar Mála Mirlíní le Joseph Joffo.

Leabhar mhí Mheán Fómhair 2021: An Béal Bocht (Leagan Grafach) le Myles na gCopaleen.

ClubLeabhar.com · Leabhar mhí Mheán Fómhair 2021 / Book of the month - September 2021

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Lisa Nic an Bhreithimh, Bainisteoir Cumarsáide agus Feachtas leis an eagraíocht Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn, agus le hAonghus Ó Lochlainn, saorléiritheoir raidió, faoin leagan grafach den saothar An Béal Bocht le Myles na gCopaleen.

Leabhar mhí an Mheithimh 2021: Eachtraí Tintin: Todóga na bhFarónna le Hergé, aistrithe ag Gabriel Rosenstock.

ClubLeabhar.com · Leabhar Mhí an Mheithimh 2021 / Book of the Month - June 2021

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Deirdre Ní Fhloinn atá ina scríbhneoir agus tuairisceoir don chlár “An Cúinne Dána” ar Raidió na Gaeltachta, agus le Muireann Ní Chíobháin, údar agus pearsa teilifíse faoi aistriúchán Gabriel Rosenstock ar Eachtraí Tintin: Todóga na bhFarónna.

Leabhar mhí na Bealtaine 2021: Liam Ó Flaithearta: Rogha Scéalta le Mícheál Ó Conghaile.

ClubLeabhar.com · Leabhar Mhí na Bealtaine 2021 / Book of the Month - May 2021

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Deirdre Nic Chárthaigh atá ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil Mhá Nuad chomh maith le Liam Mac Amhlaigh, léachtóir le litríocht agus teanga na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad faoin gcnuasach nua gearrscéalta atá aistrithe ag Mícheál Ó Conghaile Liam Ó Flaithearta: Rogha Scéalta.

Leabhar mhí Aibreáin 2021: Inní le Réaltán Ní Leannáin.

ClubLeabhar.com · Leabhar Mhí Aibreáin 2021 / Book of the Month - April 2021

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Ciara Ní É atá ina scríbhneoir chomh maith le Sinéad Ní Uallacháin atá ina láithreoir agus ina léiritheoir faoin gcnuasach nua gearrscéalta atá ag Réaltán Ní Leannáin Inní.

Leabhar mhí an Mhárta 2021: Le Gean agus Scéalta Eile le Mike P. Ó Conaola.

ClubLeabhar.com · Leabhar Mhí an Mhárta 2021 / Book of the Month - March 2021

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Eilís Everard, atá mar theagascóir agus mar thaighdeoir le Lárnionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, agus le Emily Barnes atá ag obair sa tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide, faoi Le Gean agus Scéalta Eile le Mike P. Ó Conaola.

Leabhar mhí Feabhra 2021: Tinte na Farraige Duibhe le Tim Armstrong.

ClubLeabhar.com · Leabhar Mhí Feabhra 2021 / Book of the Month - February 2021

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Bríd-Treasa Ní Ghaoithín, atá mar chomhordaitheoir ar Fighting Words Chonamara, agus le Aonghus Ó Lochlainn, saorléiritheoir raidió, faoi Tinte na Farraige Duibhe le Tim Armstrong.

Leabhar mhí Eanáir 2021: Beatha Phír le Yann Martel.

ClubLeabhar.com · Leabhar Mhí Eanáir 2021 / Book of the Month - January 2021

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Muireann Ní Raghallaigh, atá ina haisteoir chomh maith le Muiris Ó Raghallaigh, eagarthóir leis an nGúm, faoi Beatha Phí le Yann Martel.

Leabhar mhí na Nollag 2020: Asterix agus an Corrán Óir le René Goscinny.

ClubLeabhar.com · Leabhar Mhí na Nollag 2020 / Book of the Month - December 2020

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Ola Majekodunmi, atá ina saorisireoir agus craoltóir le Raidió na Life chomh maith le Oisín Mistéil, déantóir scannán atá lonnaithe i nGaillimh, faoi Asterix agus an Corrán Óir le Réne Goscinny.

Leabhar mhí na Samhna 2020: Thar na Tonnta le Beairtle Ó Conaire.

ClubLeabhar.com · Leabhar Mhí na Samhna 2020 / Book of the Month - November 2020

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le hAedín Ní Thiarnaigh, atá ina saorisireoir agus blagálaí le cúrsaí Gaeilge chomh maith le Caomhán Ó hÓgáin, a bhíonn i mbun léiriúcháin le Macalla Teoranta, faoi úrscéal Bheairtle Uí Chonaire Thar na Tonnta.

Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2020: Ar Luch agus Ar Dhuine le John Steinbeck.

ClubLeabhar.com · Leabhar Mhí Dheireadh Fómhair 2020 / Book of the Month - October 2020

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Lisa Nic an Bhreithimh, Bainisteoir Cumarsáide agus Feachtas leis an eagraíocht Gluaiseacht na hEorpa in Éirnn, agus le Maitiú Ó Coimín, eagarthóir ar an iris NÓS, faoin aistriúchán Ar Luch agus Ar Dhuine, le John Steinbeck.

Leabhar mhí Mheán Fómhair 2020: Meascra Ón Aer le Marcus Mac Conghail.

ClubLeabhar.com · Leabhar Mhí Mheán Fómhair 2020 / Book of the Month - September 2020

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Gráinne Ní Aodha, iriseoir le TheJournal.ie, agus le Eoin McEvoy, Teicneolaí Oideachais leis an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, faoin gcnuasach scéalta Meascra Ón Aer, le Marcus Mac Conghail.

Leabhar mhí an Mheithimh 2020: Cnámh le Eoghan Mac Giolla Bhríde.

ClubLeabhar.com · Leabhar Mhí an Mheithimh 2020 / Book of the Month - June 2020

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Sinéad Ní Uallacháin a chuireann an clár Beo Ar Éigean i láthair ar RTÉ Raidió 1, agus le Aoghus Ó Lochlainn, atá ina láithreoir ar Raidió na Life freisin, faoin gcnuasach gearrscéalta Cnámhh, le Eoghan Mac Giolla Bhríde.

Leabhar mhí na Bealtaine 2020: Eachtraí Tintin: an tOileán Dubh le Hergé, aistrithe ag Gabriel Rosenstock.

ClubLeabhar.com · Leabhar Mhí na Bealtaine 2020 / Book of the Month - May 2020

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Emma Ní Chearúil, Clár Reachtaire le Raidió na Life, agus le Conchúr Ó Faoláin, atá ina láithreoir le Raidió na Life freisin, faoi Eachtraí Tintin: an tOileán Dubh, úrscéal grafach le Hergé.

Leabhar mhí Aibreáin 2020: Sa Teach Seo Anocht le Mícheál Ó Conghaile.

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Ciara Ní Éanacháin, scríbhneoir cónaithe Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus atá ina hambasadóir le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann, agus le Cuan Ó Seireadáin, atá ina choimeadaí le Conradh na Gaeilge , faoi Sa Teach Seo Anocht, úrscéal le Mícheál Ó Conghaile.

Leabhar mhí an Mhárta 2020: Fatwa le Proinsias Mac a’ Bhaird.

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Claire Dunne, léachtóir le Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino, chomh maith le Liam Mac Amhlaigh, léachtóir le teanga agus litríocht na Gaeilge, faoin leabhar Fatwa le Proinsias Mac a’ Bhaird.

Leabhar mhí Feabhra 2020: Cur i gCéill le Celia de Fréine.

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Eoin McEvoy, Teicneolaí Oideachais i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, chomh maith le Caomhán Ó hÓgáin, léirtheoir cúnta le Macalla Teo., faoin leabhar Cur i gCéill le Celia de Fréine.

Leabhar mhí Eanáir 2020: Idir Mhná le John McGahern, aistrithe ag Irene Duffy Lynch.

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Deirdre Nic Chárthaigh, atá i mbun taighde ar an nGaeilge Chlasaiceach in Ollscoil Mhá Nuad, chomh maith le Michelle O’ Riordan, Ollamh Cúnta i Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, faoin leabhar Idir Mhná le John McGahern.

Leabhar mhí na Nollag 2019: Charlie agus Monarcha na Seacláide le Roald Dahl.

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Siún Ní Dhuinn, Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge le RTÉ agus le Rónán Mistéil, a bhíonn i mbun saoroibre le cúrsaí Gaeilge, faoin leabhar Charlie agus Monarcha na Seacláide le Roald Dahl.

Leabhar mhí na Samhna 2019: Fonn a Níos Fiach le Pádraig Ua Maoileoin.

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Alan Titley, scríbhneoir agus Ollamh Emeritus sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil Chathair Chorcaí agus le Séamus Ó Murchú, atá ina Eagarthóir Sinsearach leis an nGúm, faoin leabhar Fonn a Níos Fiach le Pádraig Ua Maoileoin.

Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2019: Tairngreacht le Proinsias Mac a’ Bhaird.

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin leis an scríbhneoir Réaltán Ní Leannáin agus le Muiris Ó Raghallaigh, atá ina aistritheoir leis an nGúm, faoin leabhar nua Tairngreacht le Proinsias Mac a’ Bhaird.

Leabhar mhí Mheán Fómhair 2019: Cití na gCártaí le Réaltán Ní Leannáin.

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Lisa Nic an Bhreithimh, Bainisteoir Cumarsáide agus Feachtas le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn, agus le Aonghus Ó Lochlainn atá ina láithreoir raidió ar Raidió na Life, faoi leabhar nua Réaltán Ní Leannáin Cití na gCártaí.

Leabhar mhí an Mheithimh 2019: Dialann Emily Porter - an Jailtacht le Richie Conroy.

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Lisa Nic an Bhreithimh, Bainisteoir Cumarsáide agus Feachtas le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn, agus le Ciara Ní Éanacháin atá ina file agus blagálaí, faoi leabhar Richie Conroy Dialann Emily Porter - an Jailtacht.

Leabhar mhí na Bealtaine 2019: Gáire in Éag le Seán Ó Muireagáin.

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Emma Ní Chearúil, Feidhmeannach Cumarsáide le Conradh na Gaeilge, agus le Caitlín Nic Íomhair, teagascóir agus criticeoir liteartha, faoi chnuasach gearrsccéalta Sheáin Uí Mhuireagáin Gáire in Éag.

Leabhar mhí Aibreáin 2019: Titeann Rudaí as a Chéile le Chinua Achebe.

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Alan Titley, Ollamh Emeritus sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil Chathair Chorcaí, agus le Aonghus Ó Lochlainn, láithreoir ar Raidió na Life faoi Titeann Rudaí as a Chéile, le Chinua Achebe.

Leabhar mhí an Mhárta 2019: Eachtraí Tintin: Portán na nOrdóg Órga le Hergé.

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Claire Dunne, léachtóir le Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino, agus le Nóirín Ní Nuadháin, Léachtóir sinsearach le Modhanna Múinte na Gaeilge sa Bhunscoil i gColáiste Phádraig faoi Eachtraí Tintin: Portán na nOrdóg Órga, le Hergé.

Leabhar mhí Feabhra 2019: Fuascailt an Iriseora le Michelle Nic Pháidín.

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Maitiú Ó Coimín, eagarthóir na hirise NÓS, agus le Liam Mac Amhlaigh, léachtóir le litríocht agus le Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad faoi Fuascailt an Iriseora, le Michelle Nic Pháidín.

Leabhar mhí Eanáir 2019: Cinnlínte le Deaglán de Bréadún.

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Íte Ní Chionnaith, iarléachtóir sinsireach le Gaeilge i Scoil na Meán in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, agus le Gráinne Ní Aodha atá ina tuairisceoir le TheJournal.ie , faoi Cinnlínte, le Deaglán de Bréadún.

Leabhar mhí na Nollag 2018: An Strainséara le Albert Camus.

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Emily Barnes, atá i mbun taighde PhD le cúrsaí teanga i gColáiste na Tríonóide, agus le Tristan Rosenstock, craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le TG4 , faoi An Strainséara, úrscéal le Albert Camus.

Leabhar mhí na Samhna 2018: Na Gamail le Roald Dahl.

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Sinéad Ní Uallacháin, craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus le Derek O’ Brien, riarthóir acadúil le Gaelchultúr , faoi Na Gamail, úrscéal le Roald Dahl.

Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2018: Nuair a Stadann an Ceol le Marie Whelton.

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Caoimhne Nic Lochlainn, léachtóir i bhFiontar agus Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus le hAognhus Ó Lochlainn, láitheoir ar Raidió na Life , faoi Nuair a Stadann an Ceol, úrscéal le Marie Whelton.

Leabhar mhí Mheán Fómhair 2018: Teach an Gheafta le Cathal Ó Searcaigh.

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Lisa Nic an Bhreithimh, scríbhneoir agus saoririseoir, agus le Rónán Mistéil, saoroibrí le cúrsaí Gaeilge , faoi Teach an Gheafta, úrscéal nua le Cathal Ó Searcaigh.

Leabhar mhí an Mheithimh 2018: Tintin sa Tibéid le Hergé.

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Maitiú Ó Coimín, eagarthóir ar an iris Nós, agus le Rónán Mistéil, saoroibrí le cúrsaí Gaeilge , faoi Tintin sa Tibéid, le Hergé a d’aistrigh Gabriel Rosenstock go Gaeilge.

Leabhar mhí na Bealtaine 2018: An tIriseoir le Michelle Nic Pháidín.

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Niamh Ní Shúilleabháin, Clár Reachtaire le Raidió na Life, agus le Tristan Rosenstock, craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le TG4, faoi An tIriseoir, úrscéal le Michelle Nic Pháidín.

Leabhar mhí Aibreáin 2018: Lár an Domhain le Beairtle Ó Conaire.

An mhí seo, labhair Róisín Adams le Caitlín Nic Íomhair, Bainisteoir an tSiopa Leabhar, agus le Brian Mac Maghnuis, scoláire i gColáiste na Tríonóide, faoi Lár an Domhain, cnuasach gearrscéalta le Beairtle Ó Conaire.

Leabhar mhí an Mhárta 2018: An Leathanach Bán le Boulet agus Pénélope Bagieu.

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Claire Dunne, léachtóir le Gaeilge in Institúid Oideachais Marino agus le Muiris Ó Raghallaigh, aistritheoir leis an nGúm, faoin úrscéal grafach An Leathanach Bán le Boulet agus Pénélope Bagieu.

Leabhar mhí Feabhra 2018: Sciorrann an tAm le Orna Ní Choileáin.

An mhí seo labhair Seán Ó Catháin le Siún Ní Dhuinn, Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge le RTÉ, agus le Ronan Doherty, mac léinn PhD i scoil na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, faoi Sciorrann an tAm, cnuasach gearrscéalta Orna Ní Choileáin.

Leabhar mhí Eanáir 2018: Idir Dhá Thír le Alex Hijmans.

An mhí seo labhair Seán Ó Catháin le Máirín Nic Eoin, Ollamh Emerita in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus le hOisín Montanari, comhalta teagaisc san ollscoil chéanna, faoi Idir Dhá Thír, cnuasach nua gearrscéalta Alex Hijmans.

Leabhar mhí na Nollag 2017: Conaire Mór le Diarmuid Johnson.

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Deirdre Nic Chárthaigh, mac léinn PhD i gColáiste na Tríonóide , agus le hEoin McEvoy, teicneolaí oideachais, faoi Conaire Mór, le Diarmuid Johnson.

Leabhar mhí na Samhna 2017: Trumptaí Dumptaí agus An Falla Mór le Ré Ó Laighléis.

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Alan Titley, scríbhneoir agus Ollamh Emeritus le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh , agus le Réaltán Ní Leannáin, scríbhneoir gearrscéalta, faoi Trumptaí Dumptaí agus An Falla Mór, le Colm Ó Ceallacháin.

Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2017: I dtír mhilis na mbeo le Colm Ó Ceallacháin.

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin le Lisa Nic an Bhreithimh, saoririseoir agus scríbhneoir, agus le Róisín Adams, a bhfuil dochtúireacht aici i litríocht do pháistí, faoi I dtír mhilis na mbeo, cnuasach gearrscéalta le Colm Ó Ceallacháin.

Leabhar mhí Mheán Fómhair 2017: Cás Aduain an Dr Jekyll agus Mhr Hyde le Robert Louis Stevenson, aistrithe ag Conall Ceárnach.

An mhí seo, labhair Seán Ó Catháin  le hAonghus Ó hAlmhain,  blagálaí, agus le hIan Ó Caoimh, aistritheoir le Rannóg an Aistriúcháin, faoi Cás Aduain an Dr Jekyll agus Mhr Hyde, aistriúchán a rinne Conall Ceárnach ar shaothar Robert Louis Stevenson.

Leabhar mhí an Mheithimh 2017: Íbíotsa le Labhrás Ó Finneadha.

An mhí seo, labhair Róisín Adams le Ciara Ní Éanacháin, scríbhneoir agus blagálaí, agus le Seán Ó Catháin, mac léinn iarchéime i gColáiste na Tríonóide, faoi chnuasach gearrscéalta Labhráis Uí Fhinneadha, Íbíotsa.

Leabhar mhí na Bealtaine 2017: Hula Hul le Seán Mac Mathúna.

An mhí seo, labhair Róisín Adams le Siún Ní Dhuinn, Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge in RTÉ, agus leis an Dr Liam Mac Amhlaigh, léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, faoi úrscéal gairid Sheáin Mhic Mhathúna, Hula Hul.

Leabhar mhí Aibreáin 2017: An Dochtúir Áthas le Liam Mac Cóil.

An mhí seo, labhair Róisín Adams leis an Ollamh Máirín Nic Eoin, Ollamh Emerita in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus leis an Dr Eoin Mac Cárthaigh, léachtóir i Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, faoin úrscéal An Dochtúir Áthas le Liam Mac Cóil.

Leabhar mhí an Mhárta 2017: Máire Nic Artáin le Séamus Ó Néill.

An mhí seo, labhair Róisín Adams le Liam Carson, stiúrthóir na féile litríochta IMRAM agus scríbhneoir, agus le Caitlín Nic Íomhair, léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Luimnigh agus scríbhneoir, faoin úrscéal staire Máire Nic Artáin le Séamus Ó Néill.

Leabhar mhí Feabhra 2017: Go mbeinnse choíche saor le Máire Dinny Wren.

An mhí seo labhair Róisín Adams le Cathal Póirtéir, craoltóir agus scríbhneoir, agus le Mairéad Ní Nuadháin, iar-Cheannasaí Gnóthaí Seachtracha RTÉ, faoi Go mbeinnse choíche saor, cnuasach gearrscéalta le Máire Dinny Wren a foilsíodh le déanaí.

Leabhar mhí Eanáir 2017: Danny Seaimpín an Domhain le Roald Dahl.

An mhí seo labhair Róisín Adams leis an Dr Claire Dunne, léachtóir le Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino, agus le hÉamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir, faoi Danny, Seaimpín an Domhain, aistriúchán Mhuiris Uí Raghallaigh ar Danny, Champion of the World le Roald Dahl.

Leabhar mhí na Nollag 2016: An Fuadach le Robert Louis Stevenson.

An mhí seo labhair Róisín Adams leis an Dr Caoimhe Nic Lochlainn, léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus le hEoin P. Ó Murchú, aistritheoir, faoi An Fuadach, aistriúchán nua le Darach Ó Scolaí ar Kidnapped le R L Stevenson.

Leabhar mhí na Samhna 2016: An Grá Riabhach le Biddy Jenkinson.

An mhí seo labhair Róisín Adams le Alan Titley, scríbhneoir agus Ollamh Emeritus le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus le Caitlín Nic Íomhair, file a bhfuil dochtúireacht díreach curtha i gcrích aici ar shaothar filíochta Bhiddy Jenkinson, faoi chnuasach gearrscéalta Jenkinson An Grá Riabhach.

Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2016: An Tearmann le hAlex Hijmans.

An mhí seo labhair Róisín Adams leis an Dochtúir Máirtín Coilféir, Eagarthóir Liteartha Comhar, agus le Réaltán Ní Leannáin, scríbhneoir, blagadóir agus teagascóir, faoi úrscéal nua Alex Hijmans, An Tearmann.

Leabhar mhí Mheán Fómhair 2016: Éagóir le Seán Ó Cuirreáin.

An mhí seo labhair Róisín Adams le Cormac Ó Gráda, Ollamh Emeritus leis an Stair Eacnamúil sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus leis an Dochtúir Mícheál Hoyne, taighdeoir in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, faoi leabhar neamhfhicsin Sheáin Uí Chuirreáin, Éagóir.

Leabhar mhí an Mheithimh 2016: Réics Carló ar Oileán Mhanann le Cathal Ó Sándair.

An mhí seo labhair Ian Ó Caoimh le Caoimhe Nic Lochlainn, léachtóir le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, agus le Róisín Adams, teagascóir agus taighdeoir i réimse litríocht Ghaeilge na n-óg, faoi leabhar bleachtaireachta Chathail Uí Shándair Réics Carló ar Oileán Mhanann.

Leabhar mhí na Bealtaine 2016: Dílis le Réaltán Ní Leannáin.

An mhí seo labhair Ian Ó Caoimh leis an Ollamh Máirín Nic Eoin ó Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, agus leis an Dochtúir Liam Mac Amhlaigh, léachtóir le Gaeilge i Roinn Froebel, Má Nuad, faoi chnuasach gearrscéalta Réaltán Ní Leannáin, Dílis.

Leabhar mhí Aibreáin 2016: Scáil an Phríosúin le hAnna Heussaf.

An mhí seo labhair Ian Ó Caoimh le hÉamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir, agus le Caitlín Nic Íomhair, file agus iníon léinn dochtúireachta i Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, faoi Scáil an Phríosúin, an tríú scéal bleachtaireachta ó Anna Heussaff.

Leabhar mhí an Mhárta 2016: Seacht mBua an Éirí Amach le Pádraic Ó Conaire.

An mhí seo labhair Róisín Adams le hAisling Ní Dhonnchadha, léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, agus le Síobhra Aiken, taighdeoir agus teagascóir in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, faoi Seacht mBua an Éirí Amach, cnuasach gearrscéalta le Pádraic Ó Conaire.

Leabhar mhí Feabhra 2016: Aisling nó Iníon A le hÉilís Ní Dhuibhne.

An mhí seo labhair Ian Ó Caoimh le hAnna Heussaff, scríbhneoir, agus le Claire Marie Dunne, léachtóir le Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino, faoi úrscéal nua Éilís Ní Dhuibhne, Aisling nó Iníon A.

Leabhar mhí na Eanáir 2016: Caillte i gConamara arna roghnú ag Brian Ó Conchubhair.

An mhí seo labhair Ian Ó Caoimh le Réaltán Ní Leannáin, scríbhneoir agus blagadóir, agus le hAlan Titley, scríbhneoir agus Ollamh Emeritus le Gaeilge, faoin gcnuasach dátheangach scéalta Caillte i gConamara/Lost in Connemara.

Leabhar mhí na Nollag 2015: Leabhar Nóra Ní Anluain le hAlan Titley.

An mhí seo labhair Ian Ó Caoimh le hAifric Mac Aodha, file agus eagarthóir, agus le Máirtín Coilféir, léachtóir le Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus eagarthóir liteartha Comhar, faoi Leabhar Nóra Ní Anluain le hAlan Titley.

Leabhar mhí na Samhna 2015: Cogadh na Reann le H.G. Wells.

An mhí seo labhair Ian Ó Caoimh le Róisín Adams, a bhfuil dochtúireacht aici i litríocht Ghaeilge na n-óg, agus le hAntain Mac Lochlainn, aistritheoir agus údar, faoin aistriúchán nuachóirithe Cogadh na Reann.

Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2015: Í Siúd le Siobhan Ní Shúilleabháin.

An mhí seo labhair Ian Ó Caoimh le Mícheál Hoyne, taighdeoir in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, agus le Caitlín Nic Íomhair, iníon léinn dochtúireachta i gColáiste na Tríonóide, faoi chnuasach gearrscéalta de chuid Shiobhán Ní Shúilleabháin, Í Siúd.

Leabhar mhí Mheán Fómhair 2015: L’Attaque le hEoghan Ó Tuairisc.

An mhí seo labhair Diarmuid Ó Mathúna le Pádraig Ó Liatháin, léachtóir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, agus le Radvan Markus, léachtóir in Ollscoil Sheárlais i bPrág, faoi chlasaiceach de chuid na Gaeilge - an t-úrscéal staire L’Attaque le hEoghan Ó Tuairisc.

Leabhar mhí an Mheithimh 2015: Splancanna ó shaol eile le hAlex Hijmans.

An mhí seo labhair Ian Ó Caoimh leis an nGael-Bhrasaíleach Natália Danzmann, agus le Ciara Ní Éanacháin, iníon léinn Gaeilge, faoin gcnuasach álainn aistí agus íomhánna ó Alex Hijmans, Splancanna ó shaol eile.

Leabhar mhí na Bealtaine 2015: Salann Garbh le Joe Steve Ó Neachtain.

An mhí seo labhair Ian Ó Caoimh le Róisín Adams agus le Gréagóir Ó Dúill faoin gcnuasach álainn gearrscéalta le Joe Steve Ó Neachtain, Salann Garbh.

Leabhar mhí Aibreáin 2015: Anamlón Bliana ó dhialanna an Ríordánaigh.

An mhí seo labhair Ian Ó Caoimh le Tadhg Ó Dúshláine agus le hAlan Titley faoin mbailiúchán álainn seo de dhialanna an Ríordánaigh a chuir Tadhg é féin in eagar.

Leabhar mhí an Mhárta 2015: An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh le C.S. Lewis.

An mhí seo labhair Ian Ó Caoimh le Michael Cronin agus le Caoimhe Nic Lochlainn faoin aistriúchán gleoite le hAntain Mac Lochlainn ar An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh

Leabhar mhí Feabhra 2015: I dTír Strainséartha le Liam Mac Cóil.

An mhí seo labhair Ian Ó Caoimh le Lee Vahey agus le hEoin Ó Murchú faoin dara leabhar i dtríológ gaiscíochta Liam Mhic Cóil, I dTír Stráinséartha.

Leabhar mhí Eanáir 2015: Mo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna.

An mhí seo labhair Diarmuid Ó Mathúna le Noel Ó Gallchóir agus le Róisín Adams faoi Mo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna.

Leabhar mhí na Nollag 2014: Seal san Aetóip le Frank Reidy.

An mhí seo labhair Ian Ó Caoimh le hÓrla Ní Chuilleanáin agus le Máirtín Coilféir, beirt teagascóirí Gaeilge, faoin leabhar álainn taistil agus taiscéalaíochta, Seal san Aetóip le Frank Reidy.

Leabhar mhí na Samhna 2014: An Diabhal ar an Ól le Mícheál Ó Conghaile.

An mhí seo labhair Ian Ó Caoimh le John Woods, mac léinn iarchéime le Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus le Johnny Dillon, mac léinn iarchéime le béaloideas sa choláiste céanna, faoin gcnuasach gearrscéalta An Diabhal ar an Ól , le Mícheál Ó Conghaile.

Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2014: Oileán an Órchiste le Robert Louis Stevenson, aistrithe go Gaeilge agus oiriúnaithe ag Darach Ó Scolaí.

An mhí seo labhair Ian Ó Caoimh le Caoimhe Nic Lochlainn agus le Máirtín Coilféir, beirt teagascóirí Gaeilge, faoi Oileán an Órchiste, úrscéal cáiliúil Robert Louis Stevenson, aistrithe go Gaeilge agus oiriúnaithe ag Darach Ó Scolaí.

Leabhar mhí Mheán Fómhair 2014: Súil le Breith le Pádraig Standún.

An mhí seo labhair Ian Ó Caoimh le hÓrla Ní Chuilleanáin agus le Seán Mac Risteaird, beirt teagascóirí Gaeilge, faoi Súil le Breith, úrscéal a le Pádraig Standún a tharraing go leor cainte nuair a foilsíodh ar dtús é i 1983.

Leabhar mhí an Mheithimh 2014: Malairt Scéil le Donnchadh Mac GillIosa agus le Màrtainn Mac an t-Saoir, aistrithe go Gaeilge ag Antain Mac Lochlainn.

An mhí seo labhair Riarthóir ClubLeabhar.com, Diarmuid Ó Mathúna, le hAodh Ó Gallchóir ó Ghaelchultúr, agus le Lisa Nic an Bhreithimh, craoltóir raidió agus teagascóir Gaeilge, faoi Malairt Scéil, cnuasach gearrscéalta le Donnchadh MacGillIosa agus Màrtainn Mac an t-Saoir, aistrithe go Gaeilge ag Antain Mac Lochlainn.

Leabhar mhí na Bealtaine 2014: An Táin le Colmán Ó Raghallaigh, Ealaín: The Cartoon Saloon.

An mhí seo labhair Riarthóir ClubLeabhar.com, Róisín Ní Mhaolchallann, le Ronan Doherty, mac léinn PhD in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, agus le hÓrla Ní Chuilleanáin, scríbhneoir agus léachtóir, faoi An Táin, úrscéal grafach le Colmán Ó Raghallaigh.

Leabhar mhí Aibreáin 2014: Aiséírí le hAlex Hijmans.

An mhí seo labhair Riarthóir ClubLeabhar.com, Róisín Ní Mhaolchallann, le hEoghan Ó Ceannabháin, scoláire Gaeilge ó Choláiste na Tríonóide, agus le Diarmuid Ó Mathúna ó Ghaelchultúir, faoi Aiséirí le hAlex Hijmans.

Is i stiúideo Raidió na Life, 106.4fm, a rinneadh na podchraoltaí seo thuas a thaifeadadh, agus táimid buíoch den stáisiún as a gcuid tacaíochta.

Cartlann

An bhfuil tú ag iarraidh éisteacht le tuilleadh plé? Tá cartlann d’agallaimh uile ClubLeabhar.com curtha ar fáil againn anois ar ár gcainéal SoundCloud. Is féidir gach agallamh atá déanta againn le húdair agus le criticeoirí liteartha a sheinm agus a íoslódáil anseo thíos: