Fóraim » Plé ginearálta » Filí na Gaeilge TV

Filí na Gaeilge TV

Teachtaireachtaí

Údar Teachtaireacht
Filí na Gaeilge TV
ClubLeabhar.com
16/12/2011 12:34:40

A chairde,

Tháinig mé ar shuíomh an-deas le déanaí, Filí na Gaeilge TV. Físeáin bunaithe ar dhánta éagsúla a bhí ar chúrsa Gaeilge na hArdteistiméireachta roimhe seo atá le fáil ann. I measc na bhfilí atá le cloisteáil agus iad ag léamh a gcuid filíochta féin tá Áine Ní Ghlinn, Máire Mhac an tSaoi agus Cathal Ó Searcaigh. I gcás filí nach maireann (leithéidí Mháirtín Uí Dhireáin agus Chaitlín Maude), déanann duine éigin an dán a aithris, déanann sé nó sí léirmheas ar an saothar agus cuireann eolas ar fáil faoin bhfile. Is féidir teacht ar an suíomh ach cliceáil ar an íomhá thíos.

Ádh mór,

Michelle