Fóraim » Leabhar mhí Eanáir 2013 - Gonta » Cnuasach iontach gearrscéalta!

Cnuasach iontach gearrscéalta!

Teachtaireachtaí

Údar Teachtaireacht
Cnuasach iontach gearrscéalta!
Danú
31/01/2013 09:57:11

Molaim ‘Gonta’ le Alex Hijmans go mór. Tugann sé léiriú ar chrá agus ar chruatan an tsaoil, agus fós tá daonnacht, tuiscint agus meanma iontach i ngach scéal. Tá na scéalta suite i gceantar Bahia sa Bhreasaíl, ach ós scríbhneoir den scoth é Alex, baineann na téamaí agus na léargais a thugann sé dúinn leis an gcine dhaonna pé áit ina bhfuilimid. Níl maoithneachas ná dul thar fóir iontu, ach tá cuid acu neamhghnách agus nuálach sa chur chuige atá aige. Cuid de na scéalta, ní faoi dhaoine atá brúite faoi chois iad, ach a mhalairt, faoi dhaoine a bhfuil deis acu cos a bhrú ar bholg a gcomharsan, agus bhrisfidís do chroí ag machnamh orthu. Agus leis sin go léir, tá siad so-léite, agus go deimhin gonta in úsáid na bhfocal (Is cliste an teideal é ‘Gonta’ mar go bhfuil cúpla ciall éagsúil leis).