Fóraim » Leabhar mhí Feabhra 2013 - An Litir » Eachtraí den scoth!

Eachtraí den scoth!

Teachtaireachtaí

Údar Teachtaireacht
Eachtraí den scoth!
In-Ainn-Eoin
28/02/2013 17:44:46

Caithfidh mé a rá go bhfuil plota den chéad scoth san úrscéal seo. Tá an cur síós atá déanta ag Liam Mac Cóil ar chathair na Gaillimhe sa 17ú aois draíochtach amach is amach. Léargas iontach atá ann ar thréimhse chorrach i stair na hÉireann. Ag tnúth go mór le leabhar 2!

RE: Eachtraí den scoth!
lucyrua
13/06/2017 20:11:13

Aontaím. Tá sé fíor shuimiúil léargas a fháil ar chathair na Gaillimhe i dtréimhse eile. Cathair rachmasach bríomhar agus do bhealach a dhéanamh tríthi. Tá an léarscáil iontach nár chabhair agus mar ábhar spéise. Tá an scríbhneoireacht ar fheabhas agus cruthaíonn sé mistéir agus teannas trid síos. Mholfainn do duine ar bith é seo a léamh. Beidh tú meallta chun an dara ceann a fháil geallaim duit.