Forums » Book of the Month - April 2013 - Dúil » Dúil le Liam Ó Flaithearta

Dúil le Liam Ó Flaithearta

Messages

Author Message
Dúil le Liam Ó Flaithearta
Séamus Mac Giolla Phádraig
01/05/2013 11:18:26

Scríbhneoir cumasach ab é Liam Ó Flaithearta i nGaeilge agus i mBéarla. Tá a chuid gearrscéálta ar chomhchéim le gearrscéalaí ar bith, Frank O’Connor san airithe. Is mór an trua nár scríobh sé a dhath eile i nGaeilge. Tá léirmheas iontach aige ar shaol na tuaithe.

RE: Dúil le Liam Ó Flaithearta
ClubLeabhar.com
01/05/2013 13:06:37

A Shéamuis, a chara,

Míle buíochas as do thuairim a roinnt linn.

Aontaím leat. Thaitin Dúil go mór linn anseo ar ClubLeabhar.com. Bhí an stór focal agus an saibhreas cainte a bhí aige i dtaca leis an dúlra dochreidte. Dea-shampla atá ann do scríbhneoir Gaeilge ar bith atá ag dul i mbun pinn.

Le dea-ghuí, Diarmuid ClubLeabhar.com