Fóraim » Plé ginearálta » Poiblíocht

Poiblíocht

Teachtaireachtaí

Údar Teachtaireacht
Poiblíocht
Seán Mór
08/04/2010 18:40:57

Fuair muid leathanach iomlán sa Strabane Chronicle inniu fá choinne bhunú an chlub áitiúil! Grianghraf leathleathanaigh ag barr, agus alt thíos faoi. B’fhéidir go meallfaidh sin cúpla ball eile! An-sásta leis sin.... ag dul anois fá choinne oíche airneáil i dtigh Mhícheáil, áit a mbeidh muid ag amharc ar an chlár teilifíse faoi Phádraic Ó Conaire. Thaifead Mícheál é ar sky tá tamall maith ó shin, agus tá sé aige go fóill! Nach méanar dúinn, nach méanar dúinn!

Seán Mór Craobh an tSratha Báin de Chonradh na Gaeilge

RE: Poiblíocht
Mícheál Ó Dufaigh
08/04/2010 23:07:55

Tráthnóna maith in áras Conradh na Gaeilge An tSratha Báin (teach s’agamsa) agus baill an Club Leabhar ag breathnú ar an chlár teilifíse Pádraic Ó Conaire ‘An Fear’ ina léirigh siad an saol suimiúil agus an saol crua a bhí ag Pádraic Ó Conaire. Tugaim ardmholadh do Dhiarmuid de Faoite agus do Seanchas Productions a chur an clár iontach seo le chéile agus d’achan duine a bhí páirteach.

Mícheál Ó Dufaigh, Conradh na Gaeilge an tSratha Báin