Dúil

Teachtaireachtaí

Údar Teachtaireacht
Dúil
Fiachra Ó Mórdha
08/05/2013 10:21:31

An uair dheireannach a léigh mé Dúil, bhí mé ag staidéar don mhúinteoireacht. Ó shin chuimhnigh mé go minic ar roinnt scéalta cosúil le BEO, OIFIG AN PHOIST, BÁS NA BÓ agus AN SCATHÁN. Tar éis é a athléamh le déanaí, is soiléir a fheiscint an stíl sárealaíonta atá ag Liam Ó Flaithearta ag déanamh cur síos ar shaol na ndaoine is ar an nádúr. Is cinnte a rá gurbh é dúil príomhthéama na scéalta sa leabhar. Mholfainn an leabhar seo d’achan duine a bhfuil suim acu in úrscéalta agus i ngearrscéalta. Feictear frásaí gleoite agus cur síos cruinn ar an saol nádúrtha timpeall ceantar dhúchais an údair. Níl aon fhocal curtha amú sa chur síos seo. Is mór an truaidh é nár scríobh Ó Flaithearta scéalta eile nó úrscéal i nGaeilge ach leoga mairfidh smaointe an scríbhneora in intinn na léitheoirí le fada an lá.

RE: Dúil - scéalta iontacha
Danú
12/05/2013 17:03:47

Aontaím go mór leis an moladh a thug léitheoirí eile do na scéalta in Dúil. Léigh mé féin iad blianta ó shin, ar scoil agus ar an ollscoil, agus d’fhan cuid acu liom i gcónaí; ach nuair a léigh mé arís iad le déanaí, chuaigh géarchúis, comhbhá, tuiscint agus cumas scríbhneoireachta Uí Fhlaithearta i gcion orm as an nua. Ní ar an nádúr amháin a bhí tuiscint chomh grinn aige, ach ar shaol an duine daonna, agus go háirithe ar éagóir an bhochtanais is an tarcaisne aicmeach a bhí - agus atá ar a lán dóigheanna - fite i saol an phobail in Éirinn. Léirigh sé dúil chollaíoch freisin ar bhealach níos oscailte ná mar a bhí á dhéanamh i scéalta Béarla ag an am, feictear dom. Is seoid é an leabhar - an t-aon locht beag amháin a fuair mé air an uair seo ná gur úsáid sé comharthaí agus nathanna uaillbhreasa pas rómhinic sa scéalaíocht, ar nós ‘Aie! Aie!A Dhia na bhFeart!’ Ach mura bhfuil de locht orthu ach an méid sin...

RE: Dúil - scéalta iontacha
lucyrua
21/05/2013 10:09:12

Is bailiúchán scéalta é seo gur breá liom. Taitníonn an cur síos ar an nadúr liom a thugann fís chomh cruinn den léitheoir ar an íomhá mar a dhéantar sa scéal an Seabhac. Scéal eile a thaitin go mór liom ná Teangmháil a léiríonn tuiscint áirithe ar nóiméad i saol an duine. Is saothar é seo a thiocfaidh mé ar ais chuige arís agus arís eile cheapfainn.