Anamlón Bliana

Messages

Author Message
Anamlón Bliana
rdarcy
05/05/2015 00:29:18

An leabhar is áilne nó an leabhar is brónach dár léigh mé riamh (as Gaeilge, cinnte)? It is like listening to Chopin - you can be very sad that this genius was wasting away, but all of the time there is the reminder of the beauty he has left behind. Of course the diaries are nothing like the poems but they are very interesting, and the drawings are a strange accompaniment that would not have been known about but for this book, I suppose. The ‘year’ is put together from entries of many years - having read the introduction a few times I am still trying to understand what has been attempted with, or achieved by, this. Oddness certainly. Especially as the original dates have been removed, hardly a help to readers interested in the life history of O Riordán. I see that a complete collection of his work is now available. We need no longer rely on those long-ago lovely little editions from Sairséal agus Dill. Wish we could say that about all our writers - when will someone, especially someone with the money like an Bord Gaeilge, give us a complete edition of Irish classics!? (Thinks, maybe I could ask Penguin Ireland.)

RE: Anamlón Bliana
Seán Ó Laoi
08/06/2015 14:58:19

Cad é do mheas ar Anamlón Bliana? An bhfuil an scríbhneoireacht chomh draíochtúil céanna i ndialanna an Ríordánaigh is atá ina chuid filíochta? An bhfuil tuiscint níos fearr agat anois ar charachtar an údair nó ar bhraith tú nach raibh anseo ach leathfhírinne, leathchumadóireacht?

Is maith go bhfuil a leithéid ann. N’fheadar cad déarfadh sé féin leis mar scéal, áfach. Bhí file Bhun an Chomair chomh cráite san tráth gur chaith sé cuid acu ar an dtine mar déarfá. Is maith gur féidir le duine blaiseadh a fháilt de shaol laethúil an Ríordánaigh ón saothar so. Chun dul i ngleic leis, áfach, ní mór do dhuine tabhairt fé mhórshaothar an Choileánaigh, Seán Ó Ríordáin: Beatha agus Saothar, An Clóchomhar (1982) agus ceann a thógaint des na sleachta fé leith a roghnaíodh go tomhaiste. Ní mór san a dhéanamh chun dul isteach in aigne an Ríordánaigh.

I bpodchraoladh na míosa seo, deir Alan Titley gur shíl sé i gcónaí go mba ghá don té a thabharfadh faoi eagrú dhialanna an Ríordánaigh a bheith an-eolach ar chathair Chorcaí.

Ní gá go mbeadh saineolas i gceist mar tá fhios ag an saol fódla cá bhfuil áiteanna ar aon dul le Sráid Washington, Margadh na Sacsan, An Meal Theas, Halla na Cathrach, Bóthar an Iarthair, Tobar Rí an Domhnaigh srl.

An bhfuil tuiscint eagarthóir an leabhair, Tadhg Ó Dúshláine, ar an gcathair le brath sna sleachta a roghnaigh sé? B’fhearr ligint dó fhéin a leithéid a fhreagairt. Ní fuláir nú tá.

An mbraitheann tú féin go bhfuil eolas níos fearr agat anois ar chathair dhúchais an Ríordánaigh ó bheith ag léamh an leabhair?
Ní dóigh liom é. Níl ann ach an Ríordánach is é ag déanamh a shlí mar déarfá. Faightear blas ar cheantar nú dhó ach sin a méid. Ní fhéadfá a rá go raibh sé ‘i láthair’ ag imeachtaí móra na cosmhuintire. Tráchtann orthu go deimhin, an turas a thug sé ar Chnoc an Aonaigh mar shampla, ach sin a méid. Ní fhéadfá an leabhar a chur i gcomparáid le saothar Frank O’ Connor ná saothar Dhónall Uí Chorcora sa tslí sin, a bheag ná a mhór. Ina theannta san, más áil le duine dul i ngleic le Corcaigh na Gaeilge ní mór staidéar a dhéanamh ar na saothair éagsúla a bhaineann le Corcaigh na Laoi, m.sh. saothar Neil Buttimer is saothar Bhreandáin Uí Chonchúir mar aon le mórán eile i. Conradh na Gaeilge i gCorcaigh 1894-1910 de chuid Thraolaigh Uí Ríordáin. Fear tuaithe ab ea é leis is d’admhaigh sé féin an méid sin.

Níl aon rian de chathair Chorcaí le fáilt ina chuid dánta, dar leis an Ríordanach. Ní fíor san go pointe áirithe, gan amhras, ach sin scéal eile. Maidir le hAnamlón, ní dóigh liom é mar tá an t-eolas sin le fáilt i leabhair eile a bhaineann leis an ngort céanna. Ní raibh an Ríordánach ag cur fé sa chathair ach bhí cur amach maith aige ar an gcathair go deimhin, go háirithe is é ag tarrac ar an Mainistir Thuaidh.

Don dté nach bhfuil staidéar déanta acu ar an Ríordánach nú ar a chuid filíochta theastódh gluais uaidh chun a fháil amach cérbh é x, y agus z.

Is deas an leabhar é agus tá na léaráidí go hálainn amach is amach. Bhí an Ríordánach go maith chun pictiúirí a tharraingt, gan aon agó. Sa lá atá inniu ann fágtar leabhar mar sin ar pé bord caife a bheadh sa tigh ag duine. Fágfad an saothar so ar an mbord agamsa, ach go háirithe. Sin moladh nach beag, laidhc. Is trua nár baineadh úsáid as an gcló gaelach in áiteanna chun lón machnaimh a thabhairt do dhaoine ar an magnum opus féin, áfach.