Fóraim » Leabhar mhí Mheán Fómhair 2015 - L'Attaque » 7. De réir Bhreandáin Delap, chuir foilsiú L’Attaque in 1962 deireadh le ‘ré mhaíteach shaonta na ri

7. De réir Bhreandáin Delap, chuir foilsiú L’Attaque in 1962 deireadh le ‘ré mhaíteach shaonta na ri

Teachtaireachtaí

Údar Teachtaireacht
7. De réir Bhreandáin Delap, chuir foilsiú L’Attaque in 1962 deireadh le ‘ré mhaíteach shaonta na ri
ClubLeabhar.com
31/08/2015 14:48:02

De réir Bhreandáin Delap, chuir foilsiú L’Attaque in 1962 deireadh le ‘ré mhaíteach shaonta na ridirí’ san fhicsean staire Gaeilge, is é sin gur éirigh úrscéalaithe as a bheith ag caitheamh le pearsana stairiúla amhail is gur laochra iad i scéalta eachtraíochta, agus thosaigh siad ag caitheamh leo i mbealach ní b’oibiachtúla agus ní ba mhacánta. An dóigh leat go bhfuil an ceart Delap agus gur imir L’Attaque agus Ó Tuairisc tionchar fadtéarmach ar fhicsean staire na Gaeilge?