Fóraim » Plé ginearálta » Féile Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath - imeachtaí Gaeilge

Féile Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath - imeachtaí Gaeilge

Teachtaireachtaí

Údar Teachtaireacht
Féile Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath - imeachtaí Gaeilge
Conallach
28/05/2010 18:08:36

A chairde,

Beidh dhá imeacht i nGaeilge á reáchtáil ag IMRAM le linn Fhéile Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath: ceann sa Sugar Club Dé Céadaoin seo chugainn, 2 Meitheamh (http://www.dublinwritersfestival.com/festival-2010/riverrun-project) agus ceann eile Déardaoin, 3 Meitheamh sa Project Arts Centre (http://www.dublinwritersfestival.com/festival-2010/travel-literature). Scaip an scéala, le do thoil, agus téigh chuig ceann de na himeachtaí má bhíonn deis agat!

Measaim go bhfuil sé tábhachtach go dtabharfadh pobal na Gaeilge tacaíocht d’imeachtaí mar seo lena chinntiú go mbeidh imeachtaí Gaeilge mar chuid den fhéile sna blianta atá romhainn.

Ádh mór,
Éamonn

RE: Féile Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath - imeachtaí Gaeilge
Julianne Ní Chonchobhair
30/05/2010 12:38:51

Ag súil go mór leis!

RE: Féile Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath - imeachtaí Gaeilge
Lucy an Léitheoir
30/05/2010 20:03:23

A Chairde,

Maidir leis an imeacht atá ar siúl ar an Deardaoin, faoi scriobhneoirí a scriobhann leabhair taistil, tá alt ag Manchán Magan ar an leathannach deireannach de forlíonadh taistil an Sathairn (29 Bealtaine) den Irish Times. Blaiseadh b’fhéidir den abhar a mbeidh á phlé aige fhéin agus na scriobhneoirí eile.