Fóraim » Plé ginearálta » Imeacht Dátheangach ag Féile Leabhar Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin 9 Méan Fómhair 2010

Imeacht Dátheangach ag Féile Leabhar Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin 9 Méan Fómhair 2010

Teachtaireachtaí

Údar Teachtaireacht
Imeacht Dátheangach ag Féile Leabhar Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin 9 Méan Fómhair 2010
Lucy an Léitheoir
27/08/2010 09:49:05

A Chairde,

Thugas faoi ndeara le déanaí go mbeidh Féile Leabhar Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin, dar teideal ‘Mountains to Sea’ , ar siúl ón 7-12 Meán Fómhair 2010.

Mar chuid den fhéile, beidh ‘Beo sa Chlub’, óiche dhátheangach le scéalta, filíocht, cláireoireacht, agus carbhas ar siúl ar an Deardaoin 9 Méan Fómhair 2010. Is iad Gabriel Rosenstock, Seán Mac Mathúna agus Cormac De Barra a bheas i gceannas ar an óiche. Táim cinnte gur óiche den scoth a bheas ann.

Is féidir níos mó eolais a fháil ar an suímh idirlín www.mountainstosea.ie.