Ar thaitin an scéal leat?

Messages

Author Message
Ar thaitin an scéal leat?
ClubLeabhar.com
01/03/2017 16:15:11

Ar thaitin an scéal leat?

RE: Ar thaitin an scéal leat?
Adrian
07/03/2017 15:06:47

Nach tráthúil an rud é…

Nach tráthúil gurb é seo leabhar na míosa. Níl ach an chéad 50 leathanach léite agam go dtí seo, ach tugann an t-údar sracfhéachaint dúinn ar cé chomh crua, dian is a bhí an saol do leanaí amanna sa tír seo, nach raibh mórán meas orthu mar dhaoine i gcomhthéacsanna áirithe.

Téamaí lárnacha sa nuacht faoi láthair agus muid ag iarraidh déileáil leis seo mar thír agus mar shochaí. An tslí a chaith muid le páistí agus le mná a bhí thíos leis.

Macalla d’focail Jack Kerouac ón a leabhar On the Road im’ chluasa – ní bheidh an domhain ar a suaimhneas go dtí go dtiteann muid ar ár nglúnta os comhair ár mná ag iarraidh maithiúnas….

Pé scéal é, níl deireadh an scéil agam fós… Leanfaidh mé leis an léitheoireacht….