Níl mé in ann mo mhéar a leagan air, ach tá éirithe leis an údar atmaisféar Victeoiriach agus meánaicmeach a chruthú sa Ghaeilge. Tá blaiseadh leithéidí Dracula agus Sherlock Holmes le sonrú sa scríbhneoireacht go dtí seo... níl mé ag maíomh nach bhfuil dúshlán ann greim a choinneáil ar an scéal, tá sé iontach doiléir. Scanraigh an anailís ag an tús mé sa réamhrá! Ach bhí roinnt pointí maithe sothuigthe ansin a chuidigh liom ciall níos fearr a bhaint as an scéal. Níor léigh mé an leagan Béarla den scéal seo riamh, agus bhí cuid den mhíthuiscint choiteanta orm féin maidir le príomh-charachtar Jekyll agus Hyde. Is aisteach go bhfuil an dá ainm sin, agus an íomhá sin, imithe isteach go domhain i meon an phobail, cé nach é/iad príomhcharachtar an leabhair ar chor ar bith! Is maith liom an pictiúr ar darna achan leathanach.... déanann sé an leabhar níos gairide. Tá na pictiúir iad féin iontach doiléir dothuigthe, rud atá ag teacht leis an scéal dár ndóigh, ach b’fhearr liom féin íomhánna níos simplí níos soiléire agus níos tarraingtí. Is léitheoir simplí mé!
|