Fóraim » Plé ginearálta » Dublin Book Festival 2-6 Márta 2010

Dublin Book Festival 2-6 Márta 2010

Teachtaireachtaí

Údar Teachtaireacht
Dublin Book Festival 2-6 Márta 2010
Lucy an Léitheoir
13/01/2011 15:17:25

A Chairde,

Bhí sé fógraithe le déanaí go mbeidh an Dublin Book Festival 2011 ar siúl ón 2ú go dtí 6ú Márta 2011. Beidh sé ar siúl i Halla Cathrach Bhaile Átha Cliath, Sráid an Dáma.

Ní fógrófar an clár go dtí 24 Feabhra, ach táim ar siúl go mbeadh neart imeachtaí i nGaeilge i measc na n-imeachtaí go léir, toisc an neart imeachtaí i nGaeilge a bhí ar siúl an bhliain seo chaite agus toisc go bhfuil urraíocht faighte aici ó Fhoras na Gaeilge

RE: Dublin Book Festival 2-6 Márta 2010
Lucy an Léitheoir
13/01/2011 15:18:16

Ba chóir dom 2011 a scriobh !!!

RE: Dublin Book Festival 2-6 Márta 2010
Danú
03/02/2011 12:15:16

Cloisim go mbeidh agallamh poiblí á chur ag Cathal Póirtéir ar Alex Hijmans (údar ‘Favela’, ar ndóigh, mar aon lena úrscéal nua, ‘Aiséirí’) iarnóin Dé Sathairn 5 Márta ag 3.00 i Halla na Cathrach. Beidh ócáid Ghaeilge eile ar siúl @ 5.00 Dé Domhnaigh 6 Márta, a mbeidh Anna Heussaff agus beirt scríbhneoirí eile páirteach inti.

RE: Dublin Book Festival 2-6 Márta 2010
Lucy an Léitheoir
05/02/2011 13:18:28

Is íontach é sin a chloisint.

Léigh mé Favela, nuair a tháinig sé ar amach agus bhain mé an-taitneamh as. Thaitníonn a chuid gaeilge liom, níl focail ro-dheacra á úsáid aige ach tá a chuid ghaeilge deas nadúrtha, agus leis sin, tá scéal suimiúil le hinsint aige sa leabhar.

Taim ag tnúth leis an cheann nua leis, Aiséirí a léamh amach anseo.

RE: Dublin Book Festival 2-6 Márta 2010
ClubLeabhar.com
08/02/2011 13:22:45

A chairde,

Ag súil go mór leis an dá ócáid sin! Go raibh maith agaibh as muid a chur ar an eolas.

Michelle

RE: Dublin Book Festival 2-6 Márta 2010
Clare
02/03/2011 12:52:11

An bhfuil sé i gceist ag éinne dul chuig an ócáid le hAlex Hijmans? Tá mé ag tnúth go mór leis. Tá Cathal Poirtéir ar fheabhas mar agallóir.