Fóraim » Plé ginearálta » Léirmheas ar léirmheasanna

Léirmheas ar léirmheasanna

Teachtaireachtaí

Údar Teachtaireacht
Léirmheas ar léirmheasanna
eithneodonnell
05/04/2011 09:19:29

A léitheoirí dílse,

agus mé ag streachailt le léirmheas cuí a scríobh ar leabhar na míosa seo, iarraim ort cogain ar an gceist seo ar feadh nóiméad amháin – conas is féidir leabhar maith a shainigh go beacht? Cén fáth a tharraingíonn saothar áirithe clú agus cáil air féin i bpreabadh na súl, gradam mhóruaisle an tsaoil liteartha, duaiseanna i ngach cearn den domhan nuair a chaitear scoth den ealaín i dtraipisí, é ag fulaingt go huaigneach i luaithreach an Bargain Basement le blianta anuas sula n-aithnítear é agus bronntar an Duais Nobel air? An freagra – is i lámha agus i bpinn muidne, na criticeoirí, a mhaireann an chumhacht beatha nó bás leabhair a chinneadh.

Samhlaítear dom go bhfuil próiseas critice ar shaothar liteartha ar aon dul le cnámha a réabadh as éin bheo na gcoillte. Nach aoibhinn bheith ag breathnú ar an ngaoth ag séideadh i nduilleoga na gcrainn? Thaitneodh áilleacht na gcrann liom fiú múna mbeadh ról feidhmiúil acu san éiceachóras. Chreidim go bhfuil ceart ag rudaí bheith ar an saol gan feidhmeannas sainiúil. Ar an gcaoi chéanna, ní gá feidhm do dhán nó scéal. Ní féidir a chruthú go bhfuil dán fíor nó bréagach. Más sin, aontaím nó easaontaím le cad atá le rá ag an bhfile, ach ní mór dom an dán a thuiscint.

Creidim go bhfuil an tábhacht ealaíonta agus an meas céanna tuillte ag pictiúr déanta lena mhéar coise ag duine nach bhfuil úsáid na lámha acu agus ceol an veidhleadóra is cáiliúla agus is cumasaí, toisc gur éilíodh an méid céanna dua. Tá scéal a chruthaithe le léamh i ngach saothar liteartha, gach pictiúr, gach píosa ceoil. D’inis cleiteán Vincent Van Gogh faoin méid a d’fhulaing sé, an saol á chéasadh go dtí gur chuir sé lámh ina bhás féin. D’íoc sé arís agus arís eile ar shon a ealaíne, agus sa dheireadh d’íoc sé lena shaol. Ghearr an ginias táille ard air, ach feictear toradh an mhargaidh sin in áilleacht chuile phictiúr.

Ach más bhfuil orainn fiúntas na healaíne a mheas, conas is féidir é a mheá? Más brainse den eolaíocht í anailís liteartha, cén tslí is ceart dul i ngleic le cruthú coincheapa agus teoiricí? An féidir léiriú go bhfuil dán fíor nó bréagach? Conas a chruthaítear an hibitéis? Is féidir le ríomhaire idirdhealú a dhéanamh ar fhírinne chothromóide go huathoibríoch má scríobhtar clár cuí dó. Níl an ríomhaire in ann obair taobh amuigh den chlár, ní féidir leis aon rud a fhoghlaim nó tuairim a bheith aige as a stuaim féin. Is ealaín faoi leith í teoiric na matamaitice. Ligtear duit argóintí a ionramháil, taobh istigh de limistéar na rialacha. Ach arís, ní mór dúinn an argóint a dhearbhaigh.

Cén sórt fianaise a cheadóimis sa chúirt seo? Agus cad iad na cúiseanna a chuirfimis i leith an chosantóra, an t-údar bocht? An dtabharfaimid deis do é féin a chosaint? A mhalairt de scéal, caithfidh focail a shaothair amháin é a chosaint, gan athrú gan aithris. Sa dheireadh thiar thall, an bhfuil i gceist againn le léirmheas a fhoilsiú ar shaothar liteartha ná ionchúiseamh a dhéanamh ar an ealaíontóir ag tuairim an chriticeora?

De réir an drámadóra Shasanaigh Christopher Hampton: “Is ionann go díreach ceist a chur ar scríbhneoir faoina thuairim ar chriticeoirí agus tuairim chuaille ar mhadraí a iarraidh.”

Agus ní gan ionadh! Bheinn bhuíoch as bhur dtuairimí, a chairde.