Leabhar mhí Feabhra 2017

Is é an cnuasach gearrscéalta Go mbeinnse choíche saor le Máire Dinny Wren leabhar mhí an Feabhra ar ClubLeabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

14 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Go mbeinnse choíche saor
Go mbeinnse choíche saor
Foilsitheoir: Éabhlóíd

Scéalta faoi mhná láidre a mbíonn orthu streachailt in éadan a ndíchumhachtaithe i saol nach bhfuil i gcónaí ceart ná cóir. Tá uaillmhian na saoirse le feiceáil sna mná atá sna scéalta seo; tallanna dochloíte na beatha a thugann orthu troid ar son a saoirse agus a neamhspleáchais. Foréigean, fealladh, dealús, imirce; tá sin go léir sna scéalta agus gach scéal tiomáinte ag tuiscint ghéar ar an daonnacht agus ar an ghrá atá i gcroílár gach carachtair. Scéalta curtha i láthair i nguth fileata a thugann le fios go bhfuil i gcónaí níos mó ag tarlú ná mar a fheictear ar an chéad amharc.