Leabhar mhí na Bealtaine 2017

Is é an t-úrscéal stairiúil Hula Hul le Seán Mac Mathúna leabhar mhí na Bealtaine ar ClubLeabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

10 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Hula Hul
Hula Hul
ISBN 978-0-898332-40-7
Foilsitheoir: Leabhar Breac

Ciarraí, 1923. Ar bharr an choma thuas chas sé agus d’fhéach sé thar n-ais. Bhí sí fós ann, le hais an tobair, is a buicéidín aici is í ag féachaint suas air. D’fhéach sí beag, leochaileach, uaigneach. Thuig sé na trí rud san go maith. Ní raibh sé riamh le bean.” Seo é scéal Mhait Dálaigh, fear nach raibh riamh le bean; scéal Cháit Bhric, bean óg a bhfuil a saol caite aici ag sclábhaíocht; agus scéal Bhreen, ógánach slachtmhar a bhfuil a chrois féin le hiompar aige trí shneachta shléibhte Chiarraí agus é ina chogadh dearg ar gach taobh de.