Leabhar mhí Feabhra 2011
A Thig Ná Tit Orm
Is leabhar éadrom spraíúil é +A Thig Ná Tit Orm+, dírbheathaisnéis an cheoltóra Maidhc Dainín Ó Sé, atá lán scéalta a shaoil, go háirithe scéalta ó na caogaidí agus na seascaidí. Tugann an saothar léargas dúinn ar a shaol féin agus ar an saol i gcoitinne ag an am. Mar aon le go leor daoine eile, chuaigh Maidhc ar imirce – go dtí Londan ar dtús, áit a raibh sé ag obair ar feadh bliana, agus i ndiaidh sin go Chicago, áit ar fhan sé ar feadh deich mbliana. Phós sé a bhean chéile Caitlín in Chicago agus rugadh beirt pháistí dá gcuid ansin. Theastaigh uatha a bpáistí a thógáil in Éirinn, áfach. D’fhill siad ar Éirinn i 1969, agus chuir siad fúthu i gCarrachán. Dar le Maidhc, ba é sin an cinneadh is fearr dá shaol. Tá an dírbheathaisnéis A Thig Ná Tit Orm ar shiollabas Gaeilge na hArdteistiméireachta.
Gluais don leabhar
Sliocht ón leabhar
* Ar fáil do bhaill chláraithe amháin
Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie