Leabhar mhí Feabhra 2012
Filíocht Ghrá na Gaeilge
Díolaim chuimsitheach a rianaíonn traidisiún na filíochta grá i nGaeilge ón luathaois go dtí an nua-aois. Seo chugainn léargas iontach ar phaisean agus ar neart an ghrá. Pléitear gach gné den ghrá sna dánta agus sna hamhráin seo - meidhir an ghrá óig; greann agus suairceas an ghrá; cumha agus croíbhriseadh; dúil agus grá gan fháil; agus an grá iompaithe ina fhuath. Tá cumhacht mhothálach na bhfilí féin go mór chun cinn agus iad ag céiliúradh chastacht an ghrá. Breacann Ciarán Mac Murchaidh an comhthéacs liteartha inar cumadh na dánta sainiúla seo agus cuireann brí nua i dtéacsanna clasaiceacha do phobal úr. Maisithe go healaíonta ag Anna Nielsen.
Cá gceannóidh mé an leabhar seo
Ceannaigh an leabhar ar líne ar Siopa.ie