Leabhar mhí na Nollag 2009

Is é an t-úrscéal Dún an Airgid le hÉilís Ní Dhuibhne an chéad leabhar a bheidh á phlé ar ClubLeabhar.com.
Níl teacht ar na fóraim dhíospóireachta ach ag baill chláraithe an chlub. Tá clárúchán saor in aisce.

10 teachtaireacht

Curtha i bhfóram an leabhair seo.

1208 teachtaireacht

Curtha sna fóraim ar fad go dtí seo.

Má tá tú cláraithe cheana, logáil isteach ag barr an leathanaigh.

Dún an Airgid
Dún an Airgid
ISBN 978-1-901176-85-8
Foilsitheoir: Cois Life

‘Is aoibhinn an áit é Dún an Airgid - baile nua foirfe agus daoine deasa lonnaithe ann. Útóipe nua-aoiseach. Ach lá amháin téann an leabharlannaí Laoise Ní Bhroin ar iarraidh. An bhfuil dúnmharfóir srathach i gceist? Céard a bhí faoi cheilt ag Laoise?

Tugann Éilís Ní Dhuibhne léargas grinn dúinn ar shaol na healaíne agus an rachmais, saol atá lán den chaimiléireacht agus den mhí-ionracas.’

Is úrscéal thar a bheith taitneamhach é seo a bhfuil Gaeilge shimplí shothuigthe ann. Tá gluais de na focail agus na frásaí is deacra curtha ar fáil againn ar an suíomh seo chomh maith le léamh an leabhair a éascú duit. Is iomaí cor atá sa scéal agus coinneoidh an plota ar tinneall thú go dtí na leathanaigh dheireanacha.

Chun an chéad chaibidil den leabhar a léamh, cliceáil anseo.