Rugadh Pádraig Standún i mBaile Dabhoc, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, i 1946. Is scríbhneoir, gníomhaí agus sagart é a bhfuil cáil go leitheadach air. Tá aithne ag an bpobal air mar úrscéalaí ach léiríodh go leor drámaí dá chuid chomh maith. Léiríodh Stigmata i dTaibhdhearc na Gaillimhe i 1996 agus bhí tuilleadh drámaí leis ar an gciorcaid amaitéarach chomh fada ó bhaile le Béal Feirste agus Londain. Bhí a dhráma Uisceinafhíon ar an ngearrliosta do ghradam litríochta Chló Iar-Chonnachta in 2001.
Díbirt Dé (Cló Iar-Chonnachta, 2007) an t-úrscéal is déanaí leis. Bhunaigh Bob Quinn a scannán Budawanny (1987) ar úrscéal eile dá chuid, Súil le Breith.
Chaith sé tréimhsí mar shagart ar an gCeathrú Rua, agus in Inis Meáin agus Inis Oírr Árann, agus tá sé ar ais ina shéiplíneach i dTuar Mhic Éadaigh anois.
ClubLeabhar.com - Leabhar mhí Eanáir/Feabhra 2010
Tá pósadh Mhártain Mhic Cormaic tite as a chéile, tá éiginnteacht ann maidir lena phost agus ní athair rómhaith é dá mhac. Is geall le sobal a shaol...
Úrscéal a tharraing caint nuair a foilsíodh ar dtús é i 1983, agus é ar ais i gcló tar éis 15 bliana.
Sagart paróiste ar oileán Gaeltachta é Tom Connor, fear atá ag troid ar son pobal atá bánaithe ag an imirce agus ag an mbochtanas. Insíonn a bhean tí, Marion, dó go bhfuil sí ag súil lena pháiste. Caithfidh Tom rogha a dhéanamh idir a dhualgas i leith a phobail, a ghrá do Mharion, agus a chreideamh sa tsagartóireacht. Tá idir dhrámatúlacht agus bhriseadh croí i réiteach an scéil seo. Is ar an úrscéal seo a bunaíodh scannán Bhob Quinn, Budawanny (1987).
I Maigh Eo i 1946 a rugadh Pádraig Standún. Tá aithne air mar ghníomhaí pobail, agus tá sé ina shagart paróiste i gCárna. Tá deich n-úrscéal scríofa aige.