Réaltán Ní Leannáin
Leabhair le Réaltán Ní Leannáin:
Cití na gCártaí
Réaltán Ní Leannáin
INNÍ
Réaltán Ní Leannáin

Cnuasach gearrscéalta ón scríbhneoir aitheanta Réaltán Ní Leannáin.

Dílis
Réaltán Ní Leannáin

Bean dhílis tréigthe, bean eile ag dul i ngleic leis an éigniú agus fuadach a hóige, pacáistí rúnda agus fear ag saothrú an bháis. Tiomsaithe faoi chlúdach an leabhar seo tá scéal casta an ghrá, briseadh croí agus díoltas, bás agus buairt an tsaoil, soineantacht na hóige agus briseadh na soineantachta céanna.

Is iomaí cor a chuireann an saol de agus is iomaí cor atá i ndán don léitheoir sa chnuasach ilghnéitheach seo

BLÁTH NA DTULACH
Réaltán Ní Leannáin

Is iomaí cruth agus dath ar an ghearrscéal agus tá a shéala sin le feiceáil go soiléir sa díolaim speisialta seo a dhéanann comóradh ar an ghearrscéalaíocht chomhaimseartha Ultach. Tá scéalta thar a bheith taitneamhach cruinnithe le chéile anseo ó 28 scríbhneoir, idir óg is aosta, as gach cearn de Chúige Uladh. Máistir-rang i bhfoirmeacha éagsúla an ghearrscéil atá le fáil idir clúdaigh an fhoilseacháin seo. Tá scéalta grá, scéalta díoltais agus scéalta dóchais anseo, tá scéalta eile ann a bhfuil an greann agus an brón chun tosaigh iontu, tá cuid de na scéalta fréamhaithe go docht i dtraidisiún an oidis bhéil agus cinn eile a bhfuil foirmlí agus foirmeacha na litríochta nua-aoisí le brath orthu. Is cuma cén áit a dtumfaidh an léitheoir isteach sa leabhar seo, gheofar rud inteacht leis an tsuim a mhúscailt agus leis an chian a thógáil.