Aodán Mac Póilín

Rugadh Aodán Mac Póilin i mBéal Feirste, agus tá cónaí air i nGaeltacht Bhóthar Seoighe. Tá bunchéim agus M.Phil sa Léann Éireannach aige ó Ollscoil Uladh. Is iarmhúinteoir é agus tá sé ina Stiúrthóir ar Iontaobhas Ultach ó 1990 i leith.

Bhí sé gníomhach sa Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana agus i gComhairle Caidrimh Pobail Thuaisceart Éireann, agus ba chathaoirleach é ar an gcéad Ghaelscoil sa Tuaisceart. Ba bhall é de bhord na n-eagraíochtaí Foras na Gaeilge, Colmcille agus Comhairle Craoltóireachta Thuaisceart Éireann roimhe seo. Faoi láthair is ball boird é le Cultúir na hÉireann, Comhairle na Gaelscolaíochta, agus Aonad Séamus Heaney, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.

Tá ailt scríofa aige agus léachtaí tugtha aige ar réimse leathan ábhar a bhaineann le cúrsaí teanga, litríochta agus cultúir, agus bhí sé ina eagarthóir ar Styles of Belonging: the cultural identities of Ulster (1992), Ruined Pages, New Selected Poems of Padraic Fiacc (1994), The Irish Language in Northern Ireland (1997). Bhí sé ar phainéal eagarthóireachta Leabhar Mór na Gaeilge (2002).

Leabhair le Aodán Mac Póilín:
Bás in Éirinn
Aodán Mac Póilín, Róise Ní Bhaoill

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2011

Tá na seacht scéal sa bhailiúchán seo ar chuid de na gearrscéalta is lárnaí i litríocht na Nua-Ghaeilge. Orthu tá saothar le Liam Ó Flaithearta, Pádraic Ó Conaire, Séamus Ó Grianna, Seosamh Mac Grianna agus Daithí Ó Muirí.