Róise Ní Bhaoill

Tógadh Róise Ní Bhaoill i nGaeltacht Thír Chonaill. Is céimí í de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus tá máistreacht sa bhainistíocht chultúrtha bainte amach aici le hOllscoil Uladh.

Ba bhall í de bhoird na n-eagraíochtaí Daonmhúsaem agus Músaem Iompair Uladh, Coimisiún Raidió na Gaeltachta, Tionscnamh Columba agus Colmcille. Ba bhall í freisin de Ghrúpa Oibre Cultúir agus Féiniúlachta a bhunaigh Coimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine, agus de dhá choiste de chuid Chomhairle Caidrimh Pobail Thuaisceart Éireann. Bhí sí ina rúnaí ar Choiste Thuaisceart Éireann agus ar Choiste na Ríochta Aontaithe den Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana.

Faoi láthair, is cathaoirleach í Róise ar Iontaobhas na Gaelscolaíochta agus is ball í de bhord an Chiste Craoltóireachta Gaeilge.

Bhí sí ina comheagarthóir ar Gaelic-Medium Education Provision: Northern Ireland, The Republic of Ireland, Scotland and the Isle of Man (2003) agus ina húdar ar The Irish Language in Education in Northern Ireland (2004). Is comhúdar í, le Gordon McCoy, ar an leabhar Taisce Focal, atá bunaithe ar alt míosúil d’fhoghlaimeoirí a foilsíodh ar an iris idirlín Beo! . Iontaobhas Ultach a d’fhoilsigh an leabhar áirithe sin.

Leabhair le Róise Ní Bhaoill:
Bás in Éirinn
Aodán Mac Póilín, Róise Ní Bhaoill

ClubLeabhar.com - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2011

Tá na seacht scéal sa bhailiúchán seo ar chuid de na gearrscéalta is lárnaí i litríocht na Nua-Ghaeilge. Orthu tá saothar le Liam Ó Flaithearta, Pádraic Ó Conaire, Séamus Ó Grianna, Seosamh Mac Grianna agus Daithí Ó Muirí.