Eoghan Ó Tuairisc

Scríbhneoir, ealaíontóir agus múinteoir ba ea Eoghan Ó Tuairisc (1919-1982).

Rugadh i mBéal Átha na Sluaighe i gContae na Gaillimhe é sa bhliain 1919. Bhain sé cáilíocht amach mar mhúinteoir i 1939. Ghabh sé leis an arm sa bhliain chéanna sin agus chaith sé seal ann le linn Aimsir na hÉigeandála. Bhain sé máistreacht amach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i 1947 agus chaith sé beagnach tríocha bliain ag obair mar mhúinteoir i bhFionnghlas i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Nuair a d’éirigh sé as an múinteoireacht i 1969, fuair sé post mar eagarthóir ar Feasta, iris Chonradh na Gaeilge.

Scríobh sé lear mór saothar – idir aistí, fhilíocht, dhrámaí agus úrscéalta – sa Bhéarla agus sa Ghaeilge. I measc na saothar is cáiliúla dá chuid, tá an scéinséir Béarla Murder in Three Moves (1960) agus an t-úrscéal Gaeilge L’Attaque (1962). Bhuaigh an dara leabhar sin, a thugann léargas ar imeachtaí Bhliain na bhFrancach i Maigh Eo, Bonn an Chraoibhín agus roinnt mórdhuaiseanna litríochta eile.

Ba chomhalta tionscnaimh d’Aosdána é.

Leabhair le Eoghan Ó Tuairisc:
L'Attaque
Eoghan Ó Tuairisc

Baineann an scéal seo le Contae Mhaigh Eo sa bhliain 1798, ‘Bliain na bhFrancach’, nuair a tháinig arm Francach faoin nGinearál Humbert i dtír i gCill Ala. Bhuaigh an leabhar seo Bonn an Chraoibhín agus roinnt mórdhuaiseanna liteartha eile.