Fóraim » » Dearadh agus íomhánna an leabhair

Dearadh agus íomhánna an leabhair

Teachtaireachtaí

Údar Teachtaireacht
Aistriúcháin ón mBéarla
ClubLeabhar.com
30/08/2017 14:03:28

Ar cheart aistriúcháin ar shaothair mór le rá a chur ar fáil i nGaeilge?

RE: Aistriúcháin ón mBéarla
Seán Mór
06/09/2017 14:15:09

Is féidir liom mo fhreagra féin a thabhairt air seo gan é a léamh go fóill.

Braitheann sé ar an leabhar. Mar shampla, ní shílim gur chóir leagan Gaeilge de ‘An Béal Bocht’ a aistriú go dtí ‘The Poor Mouth’. Cad chuige? Bhuel, baineann An Béal Bocht chan amháin le saol na Gaeilge ach le litríocht na Gaeilge, níl aon chiall leis taobh amuigh de litríocht na Gaeilge mar is cineál spochadh intleachtúil ar shaothair eile i nGaeilge, agus gan na saothair eile sin a bheith léite ag an léitheoir ní féidir ciall cheart a bhaint as an leabhar.

Ach go ginearálta, creidimse gur rud fíormhaith é mórshaothair as teangacha eile a chur ar fáil i nGaeilge, bíodh sin ón Bhéarla nó ó theangacha eile. Má théitear chun na hEorpa, má amharctar isteach i bhfuinneog siopa leabhar, tchífear neart leabharthaí Béarla aistrithe go dtí an Fhraincis. B’fhéidir go bhfuil difear sa mhéid is gur dócha go bhfuil an Béarla ag formhór na gcainteoirí Gaeilge, ach baineann an litríocht le samhlaíocht agus is rud fiúntach é an tobar samhlaíochta sin a chur ar fáil i nGaeilge chomh maith.