Bean mhisniúil agus cineálta a bhí i Cass. Bhí uirthi cruth nua a chuir ar a saol ar lorg bás tobann a fear céile agus an chlann tógtha acu. Tháinig beirt fear óna saol roimh a pósadh ar ais sa phictiúir agus ba dhúshlán é sin freisin di. Rinne Cass dul chun cinn suntasach ina saol sa scéal. Ar a bealach, d’éirigh léi ar a laghad aon saol amháin a shábháil, aire agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine eile agus a cúrsa proifisiúnta a fhorbairt. Faoi dheireadh an scéil ba soiléir (don léitheoir) nach raibh a caidreamh le ceann acu den bheirt fear sásúil di.
|